Cache of job #13876573

Job Title

Deputy School Principal

Employer

Scoil Phobail Mhic Dara

Location

Galway

Description

Príomhoide Tánaisteach. Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Co. na Gaillimhe. Catagóir VIII. Tá Bord Bainistíochta, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna ag lorg iarratais ó mhúinteoirí cuícháilithe do phost mar Phríomhoide Tánaisteach. Tosóidh an té a cheapfar sa phost seo ar 1 Meán Fómhair 2018. Is Scoil Phobail chomhoideachais, Gaeltachta í Scoil Phobail Mhic Dara agus tá 90 dalta ag freastal uirthi. Le bheith incháilithe le haghaidh ceaptha sa phost seo, ní mór d’iarrthóirí na riachtanais seo a leanas a shásamh: •Cáilíocht aitheanta múinteoireachta iar-bhunoideachais. •Chomh maith le cáilíocht an Cheard-Teastais Gaeilge nó an TGMI nó an cháilíocht sa Ghaeilge de réir Chiorclán 21/00, eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. •Taithí shásúil cúig bliana (5) ar a laghad de mhúinteoireacht lánaimseartha. •Clarú de réir Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001. Is féidir foirmeacha iarratais agus sonraí an phoist a fháil trí ríomhphost chuig spmd@eircom.net. Ní mór d’iarrthóirí iarratas i gcruachóip amháin a chur ar aghaidh tráth nach déanaí an 12.00 i.n. Dé Céadaoin, 21 Márta, 2018. Tharlódh go ndéanfaí gearrliostú ar iarrthóirí. Dícháileofar iarrthóir ar bith a dhéanann canbhasáil ar a s(h)on féin, nó sa chás. go ndéanann duine ar bith eile canbhasáil ar a s(h)on. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha. Eagrófar agallaimh go gairid ina dhiaidh sin. Bí ar an eolas go bhfuil an fógra seo á thaispeáint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar publicjobs.ie. Níl aon bhaint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó níl an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freagrach as an phróiseas earcaíochta agus roghnaithe nó as na tearmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an phost.

Date Added

2225 days ago

Apply